Thursday, February 05, 2009

Sneachta, sneachta chuile áit



De ghnáth glacann sé trí nó ceithre phionta sula n-éiríonn m'aghaidh chomh dearg sin ach is leor, is léir, rith 5 mhíle cois na canálach i ndeisceart Bhéal Feirste fosta.

Thosaigh mé ar 7:30 agus d'ainneoin a n-abrann lucht tuartha na haimsire, bíonn an lá ag bánú ag an am sin.

Níl inse béil ar áillneacht na tíre ag an am sin den mhaidin agus an sneachta ag titim: chonaic mé cearc uisce agus plúiríní (?) sneachta ar a dhroim dubh aige, lachain ag briseadh an leac oighir taobh leis. Chuir sé Cathal Buí Bocht agus an Bonnán Buí i gcuimhne dom.

950 míle nó mar sin le dul.

(Pic den chearc uisce ón idirlíon.)

0 comments: