Saturday, July 04, 2009

Cad é seo a tchím romham?


Tá léitheoireacht den scoth in eagrán Nuacht 24 na seachtaine seo....agus trí chinn mhóra ina measc ag caoineadh imeacht an nuachtáin chlóite le bás Foinse..ach cár léigh mé seo uilig; Ar an eagrán clóite.

Agus anois deir Eoghan Ó Néill go bhfuiltear dóchasach go mbainfidh siad conradh an Chiste Craoltóireachta le suíomh idirlin a chur ar fáil. Is féidir leat breathnú ar an chreatlach atá molta anseo.

I measc na scríbhneoirí an tseachtain seo tá Íte Ní Chionnaith agus Breandán Delap agus tá agallamh le hiar-eagarthóir Foinse.

.....excellent reading in this week's print edition of Nuacht 24 which I've just finished, including at least three major pieces on the demise of Foinse. Many of the articles lament the loss of a printed newspaper in Irish but those very comments appear in..a printed newspaper. Time to get Nuacht 24 the support it deserves which is why I'm delighted to see editor Eoghan Ó Néill writing that he's confident of winning the Irish Language Broadcast Fund contract for the provision of a new website...you can see the template proposed by Nuacht 24 here.

7 comments:

Anonymous said...

An mé an t-aon duine amháin a mhothann míchompardach faoi seo go léir? Cuirtear ruaig ar Fhoinse, tagann 'ár gCeannaire' amach le rá go bhfuil meán clóite Gaeilge eigin de dhíth (chan go bhfuil Lá nó Foinse áiséirithe de dhíth) agus wow! seo cás Nuacht24 á cur chun cinn anois. Comhtharlú?? nílis agam, ach néata ar aon nós. Tá súilis agam nach bhfuil ag teacht orm ach an galar Gaeil 'paranoia' agus níl beartaíocht glic faoi lámhach ar siúl ach eagraiocht ionraic í bainisteoireacht Forais i ndairíre. Dála an scéil, ar thug duine ar bith faoi deara nach mbíonn uimhir ghutháin ar a shuíomh ag Foras?

West-of--the-Bann said...

Comhghairdeas to Eoghan Ó Néill!!
We need many more Eoghan Ó Néills!!

séamus mac seáin said...

a dhuine uasail gan ainm

Thig liomsa a rá leat nach bhfuil aon chúis Paranoia agat ó thaobh NUACHT 24 de. is fiontar neamhspleách é a chuir Eoghain Ó Néill agus Áine Ní Ghearáilt ar bun féachaint le folús imeacht LÁ NUA a líonadh i mBéal Feirste ach go háirithe.Ba le tallann agus le héifeacht agus le hobair chrua a rinne siad sin mar aon le cuidiú an mhór ó Raidió Fáilte agus ó scáifte de dhaoine óga deonacha.Ní raibh baint ná pairt ag Sinn Féin leis (má's sin an rud atá tú ag maíomh ) Ná bí ró thógtha faoí Shinn Féin agus an Ghaeilge ainneoin gur mhaith leo a mhalairt a chur i niúl níl ach páirt thánaisteach acu i nGluaiseacht teanga atá 99% neamhspleách agus beag beann ar phairte Polaitiúil de chineál ar bith.anois buail ar paypalar suíomh Nuacht 24 agus tabhair £10 sa mhí dóibh.

Concubhar said...

Ní doigh liom gur comhcheilg seo, a dhuine gan ainm, nó tá Nuacht 24 ar an bhfód le tamall anois, tamall roimh droch scéal Foinse bheith i mbéal an phobail.

Ní doigh liom gur féidir leat bheith ag samhlú ach an oiread go bhfuil aon cheangal laidir idir Nuacht 24 agus páirtí pholatúil ar leith - Sinn Féin san áireamh - mar níl iontaoíbh níos mó as SF ar cheist na Gaeilge.

Os rud é freisin go bhfuil lucht an Fhorais meaite ar nuachtán a fhoilsiú, rud nach n-eireoidh leo a dhéanamh, tá an seirbhís seo go h-iomlán neamhspleach ar a lámh marbh. Mholfainn dóibh é a choinneáil mar sin - agus lá eigean níos faide anonn, nuair atá an Fhoras ar an dtra folamh ar cheist an nuachtáin, bhuel is féidir margadh a dhéanamh ansan nach dtabharfaidh cumhacht beatha agus bás don bhForas.

Nil a fhios agam an eagraíocht ionraic é an Fhoras, mar a mhaíonn tú, mar ní féidir liom an breith sin a thabhairt gan cúntais an Fhorais ó 2005-8 a bheith foilsithe.

Anonymous said...

Ní minic a bhím sásta le foghlaim go bhfuilim paranoid ach ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabáil as cúlra an nuachteagrán luaite thuas a thabairt domh is m'amhrais a ruaigiú. Áfach, maidir leis síntius, beidh orm fanacht le faoiseamh sa chúlúeacnaimíocht go dtí go dtiocfaidh liom £10 an mhí a chaitheamh ar nuachtán ar bith!

Slumdog Billionaire said...

I hope Eoghan Ó Néill stays as far away from Foras as is humanly possible, otherwise Foras will be telling him all the things Nuacht 24 is doing wrong and all the things that must be changed.
Pity that Foras has never ever done anything to speak of, but they are experts at telling everyone else how to run their businesses/organisations.
Successful people do not interact with Foras.
Eoghain has shown everyone who the real expert is!! We salute him!!

Buíochas Libh said...

Eoghan and Tomaí are shining examples of what talented and dedicated members of the Irish language community can do.

Both are ploughing on without any funding and both are producing the best examples of Irish language media in the 21st century.

Gach rath orthu!