Ar dtús: comhghairdeas le mná Aontroma atá i gcluiche ceannais peil na mban ar 27 Meán Fómhair — roinn na sóisear. Is iontach Aontroim a bheith i gcluiche ceannais náisiúnta d'aon chineál i mbliana agus comhartha go bhfuil na seoltaí in airde againn.
Tá mé anois san aerphort i Newark ar mo bhealach go Bostún, áit a bhfuil cruinnithe agam amárach maidir leis an chomhdháil atá beartaithe againn do 7-8 Deireadh Fómhair le nasc nua a chothú idir Bostún agus Doire agus an iarthuaisceart. Cúis áthais domh go mbeidh Liam Ó Cuinneagáin, Cathaoirleach an Údaráis, agus Mihceal Ó hÉanaigh as Comhairle Dhún na nGall linn ar an ócáid thábhachtach seo mar in aimsir seo na héigeandála, is gá an rud a ghní an ceantar seo meallacach a bhéimniú.
Dóibh siúd as Bostún atá ag smaoineamh ar ghnó a lonnú in Éirinn, is cinnte nach bhfuighfeadh siad an caighdeán beatha idir gnéasán pobail, córas oideachais, imshaol agus caithimh aimsire, in aon áit a bheadh inchurtha leis an cheantar ó Dhoire go Dún Géibheann.
Idir amanna, guím gach rath orthu sin uilig a chuir isteach don chomórtas le haghaidh nuachtáin Ghaeilge. Tá spéis ar leith agam san iarratas ag lucht Foinse agus ag lucht Ghleann na mBard (más fíor na tuairiscí) ach tá mó bhá le Nuacht 24 i mBéal Feirste — Tomaí Ó Conghaile agus Eoghan Ó Néill — agus tá súil agam go mbíonn an lá leo. Chaill Grúpa Meán Bhéal Feirste £250,000 thar dheich mbliana ar Lá idir eagrán seachtainiúil agus eagrán laethúil ach dearcaim air sin mar infheistiú fiúntach sa Ghaeilge agus go háirithe i bpobal na Gaeilge i mBéal Feirste. Bhí mé sa Chultúrlann tráthnóna beag ar an tSatharn agus bhi triúr ógánach in aice leis an doras agus comhrá casta ar bun acu ar cheisteanna ollscoile agus eile...i nGaeilge. Sin ráite ní dóigh liom gur féidir nuachtán brábúsúil a fhoilsiú ar an airgead atá á thairscint ag an Fhoras ach beidh le feiceáil. Súil agam go bhfuil dul amú orm. (Seans gurb é atá de dhíth na an fear atá taobh liom anseo a bheith mar chomhairleoir. Tá sé ag léamh nuachtán na gcapall, ag amharc ar rásaí ar an idirlíon ar a ríomhaire glúine agus ag déanamh suimeanna matamatice le geallta a chur!)
Sin an toradh a bíos ar infheistiú sa Ghaeilge...sa chás seo san oideachas dara léibhéal. Agus sin an fáth a bhfuil sé riachtanach Coláiste Ghaeilge (chan meánscoil..ní maith liom an bhéim ar second, 'second rate', 'second place' srl. is fear i bhfad Coláiste a shamhlú) a bhunú arís i nDoire. Agus sin an mórdhifear a mhothaím idir Doire agus Béal Feirste, tá níos mó Gaeilgeoirí óga i mBéal Feirste, a bhuí sin le Coláiste Feirste.
Monday, September 07, 2009
Subscribe to:
Post Comments (Atom)







14 comments:
Táim i ndhiaidh seal a chaitheamh san ospidéal a Mháirtín agus is féidir gurb iad na steroids atá ag tabhairt orm caint mar seo a dhéanamh ach nach cuma cad é an tainm atá ar scoil fad a's go bhfuil sí maith.is féidir le meánscoil a bheith maith agus Coláiste a bheith go holc agus ní hionann meán agus dara ar scor ar bith ach ní chuige sin atá mé.Is fíor duit go bhfuil níos mó gaeilgeoirí óga líofa i mBéal Feirste agus cuid mhór de sin de thairbhe Meánscoil Feirste mar a bhí agus Coláiste Feirste mar atá ach níor tharlaigh sé gan tuismitheoirí cosúil leat féin a bhí sásta seans a thabhairt don scoil forbairt agus a theacht in éifeacht ainneoin aird mhór a bheith agaibh ar oideachas bhur gcuid páistí.Sa deireadh bhí go leor ann le "Meas Criticiúl" a dhéanamh suas leis an scoil a thabhairt slán, ainneoin míle fadhb agus constaic ó thaobh an oideachais de.Is oth liom a rá nach raibh "sliocht an radacháis" mar a thugaim oraibh, ró fhairsing i nDoire le meánscoil nó coláiste a chothú. i ndeireadh na dala is den "bourgeoise" iad cuid mhór de lucht na Gaeilge agus go háirithe iad sin atá ag plé leis an Ghaeilge ar bhonn Gairmúil.Is fearr leo oideachas "maith ?" bearla dá gcuid páistí ag na scoileanna is fearr bearla(agus is Colleges iad uilig beagnach) ná seans a thabhairt do Mheánscoil Ghaelach fás.dá mbeadh leath chuid de Ghaeilgeoirí mór le rá Dhoire(agus Bhéal Feirste go deimhin) sásta á gcuid paistí a chur ar Mheánscoil Dhoire bheadh sí ag feidhmiú go fóill. Mar a dúirt an té a dúirt "niorbh í Meánscoil Dhoire a chuaigh ó mhaith ach na "Gaeilgeoirí" dar dual a dídean"
ní bheidh meanscoil arís ann i nDoire muna bhfuil na bunscoileanna ann chun í a chothú. Tá bunscoil ann i nDoire faoi láthair, Gaelscoil na Daróige, a bhfuil Rang 1 lán go doras aici ach níl lán-mhaoiniú aici fós. Beidh gach duine ag feiceaint má sheasann an Aire leo siúd a rinne troid agus a thug gach rud suas ar son na gaelscoile le 5 bliain anois in aineoin na ndeacrachtaí agus namhaidí na scoile a rinne gach iarracht í a scriosadh ón tús.
Tá neart Gaeilgeoirí óga i nDoire fosta, cuid againn a d'fhreastail ar Mhéanscoil Dhoire agus a bhain sult agus tairbhe iontach as an taithí. Cinnte bhí constaicí deacrachtaí agus fadhbanna ag an scoil ach an bhfuil scoil ar bith in Éirinn atá gan locht? Níor cheart luí síos agus an scoil a thréigean ach ba chóir dul i ngleic leis na deacrachtaí. Ní dhéanfaidh mise dearmad go deo ar an mhéid a d'fhoghlaim mé ó thinfeadh,onóir agus ón dílseacht a léirigh na múinteoirí agus na bunaitheoirí agus mé ar Mhéanscoil Dhoire. Spreagadh den "chéad ghrád".
Má táimid i ndáiríre faoin Mhéanscoil a athbhunú tá Bunscoileanna agus Gaelscoileanna láidre de dhíth orainn. Cuirim le glór anon thuasluaite, táim ag dúil le dea-scéal faoin Ghaelscoil nach bhfuil maoinithe.
níl a fhios agam cén fath a mbíonn fonn anaithnide ar chuid mhór Gaeilgeoirí agus iad ag scríobh ar an idirlín? eagla fios a bheith ag daoine eile ar á mbarúil? cuthúlacht? agus anois tá an galar ag leathnú go dtí na daoine óga. ar scor ar bith, a dhuine óig as Doire má d'fhoghlaim tú an Ghaeilge sin agat ag Meánscoil Dhoire caithfidh go raibh an scoil go fíor mhaith ach an rud a bhí mise ag iarraidh a rá sa chéad phostáil agam dá mbeadh Gaeilgeoirí Doire sásta á gcuid paistí a chuir ar an scoil go mbeadh sí ann go fóill agus ag fás.an rud nár mhiste fios a bheith againn faoi go machánta cad chuige nár chuir?. Arbh fhearr leo oideachas dara leibhéal bearla dá gcuid páistí agus iad ag dul i mbun an tsaoil? Bheadh ciall le sin is dócha agus ní haon abhar náire é.An deacrachtaí pearsánta idir Gaeilgeoirí éagsúla i nDoire a bhí i gceist? An bhfuil barúil agatsa a dhuine óig ar cad chuige ar druideadh an scoil gan rí rá a bheith tógtha fá dtaobh de? Má bhíonn iarracht eile le hoideachas dara leibhéal a bhunú i nDoire(agus beidh iarracht eile ann mar a bhí i mBéal Feirste) níor mhiste fios a bheith againn cad a tharlaigh.Is trua gan daoine a bheith foscáilte go leor leis an rud a phlé go poiblí agus gan a bheith ar chúl sceithe fa dtaobh de.Bí ag caint ar "hidden Ireland"ní bheadh sé ann taobh leis an Gaeilgeoirí anaithnide atá ar an idirlín.
A Shéamuis a chara,tá súil agam go bhfuil biseach ag teacht ort go fóill. Fuair mise mo chuid oideachais uilig trí mheán na Gaeilge i nDoire ó Bhunscoil Cholm Cille go Méanscoil Dhoire. Táim anois i mo mhúinteoir i nGaelscoil.
Maidir le teip na Méanscoile de is dócha go bhfuil réimse fáthanna ann. Seans go raibh roinnt tuismitheoirí ann a thug tús áite do oideachas Béarla ach feictear dom go raibh mórán cúiseanna eile leis.
Bhí neart naimhde ag an scoil agus léirigh gaeilgeoirí mórluachacha easpa tacaíochta agus suime sa scoil. Go deimhin tuigtear dom go raibh Gaeilgeoirí áirithe ag moladh do thuismitheoirí gan páistí a sheoladh chun na scoile. I mo bharúil féin má tá deacrachtaí ó thaobh uimhreacha nó eile ag scoil ba cheart pléigh a dhéanamh agus tacaíocht a thabhairt don scoil seachas an chluas bhodhar agus an tsúil dhall a thabhairt don chás.
Tuigtear dom chomh maith gur fhéach Méanscoil Dhoire le nasc a dhéanamh le Coláiste Feirste, d'fhonn maoiniú a bhaint amach agus le fás agus le forbairt. In áit sin a dhéanamh rinneadh comhnasc le colásite Béarla sa cheantair. Is gá Cnag, an aire oideachais agus an roinn a cheistiú maidir leis an reasúnaíocht a bhain leis an chinneadh seo. Tháinig ísliú ar líon na ndaltaí agus an scoil mar aonad agus meath mall de réir a chéile a bhí ann. Feictear dom nach mbíonn an meon céanna nó an dílseacht don Ghaelscolaíocht ag lucht bainistíochta i scoileanna Béarla agus cuireann sé aontas agus alltacht orm go bhfuil CnaG ag moladh aonaid mar thodhchaí na Gaelscolaíocht.
Ar scáth a chéile a mhairimid agus ní dóigh liom gur tugadh an tacaíocht chuí don Mhéanscoil i nDoire. An mbeadh athrach scéil ann dá mbeadh Gaeloiliúint ar an fhód go fóill? Tá mé ag déanamh go mbeadh.
cuireann sé gliondar ar mo chroí duine óg mar thú féin a bheith buartha go leor faoi chúrsaí gaelscolaíochta agus go bhfuil tú sásta an rud a phlé anseo.Is léir go bhfuil ceisteanna móra le tógáil faoi CnaG agus a héifeacht.Má's fíor mo chuid eolais tá 13 ag obair acu agus dar leat nach fiú an tairbhe an trioblóid.Tá páistí fágtha gan Meánoideachais Ghaeilge i lár Uladh agus i nDoire agus níl fás ag teacht ar lion na mbunscoileanna mar is ceart.Dar leat gur mó suime atá ag an Chomhairle meamráin a chur amach, staidéar a dhéanamh agus comhdhálacha a reachtáil na aon rud eile agus is minic a núsáidtear a macasamhail sin le hobair a sheacháint atá tairbheach agus go fírinneach dar liom gur cúram na Roinne Oideachais iad sin agus ní thuigim cad chuige a bhfuil an Chomhairle ag baint leo ar chor ar bith. dar leat go mbeadh go leor le déanamh ag bunú scoileanna agus ag tacú le tuismitheoirí na a bheith ag dul do obair na Roinne.Is trua mar sin go bhfuil an tAire oideachais faoi scáth ag an ghrúpa agus go leanann sí a comhairle agus a cur chuige.Tá molta anseo tamall ó shin ag Féilim Ó hAdhmail gur cheart grúpa neamhspleach don Ghaeloideachas a bhunú a bheadh in inmhe labhairt amach go hobaíachtúil ar shon nó i gcoinne dearcadh na Bunaíochta.Is duine é Féilim a raibh baint aige le bunú scoile agus a thuigeann an radachas a ghlacann sé lena leithéid a dhéanamh agus nach mbeadh meallta ag an Mhaorlathas atá ag cur bac ar fhás na Gaelscolaíochta dar liom. Ba mhaith dá rachadh Féilim nó duine eile ar aghaidh lena bhunú.B'fhearr dar ndóigh go mbeadh an grúpa deonach go hiomlán.Ní bheadh a fhios agat a dhuine oig as doire go spreagfadh sé an Chomhairle lena a cas a dhéanamh go poiblí ach ní coinneoidh mé mo anáil ag fánacht leis.I dtaca le Gaeilgeoirí a bheith ag moladh do dhaoine gan á gcuid páistí a chur ar Mheánscoil Dhoire bíodh a fhios agat nach i nDoire amháin a thárlaíonn sin.Tá ardmhaistreas i nGaelscoil amháin i mBéal Feirste a mholann do thuismitheoirí gan a gcuid páistí a chur ar Choláiste Feirste má roghnaíonn an tardmháistreas go bhfuil an páiste "ró chliste" le cur ann.Dia idir sin agus gach olc.
A Shéamuis aontáim go hiomlán leat go gcaithfear ról CnaG a scrúdú. An bhfuil gá leis an eagraíocht mar atá sé ag an bhomaite ar chor ar bith? Cad é an raison d'etre atá acu mura bhfuil tacaíocht láidir a thabhairt do Ghaelscoileanna nua?
Ní aontáim leis an bhéim mhór ar scoileanna 'inmharthanta', dá mbeadh an dearcadh seo ag bunaitheoirí na nGaelscoileanna uilig ar an chéad dul síos an mbeadh gaeloideachas againn ar chor ar bith? Caithfear tarraingt le chéile in amanna agus dul sa bhearna baol.
Aontáim chomh maith gur cheart eagraíocht nua a bhunú chun guth láidir ceanndána a thabhairt don ghaeloideachas in athuair.
Mo thuairim ná an príomhrud atá ag teastáil ná próiseas tré-dhearcach solúbtha (go pointe) agus insroichte bunaithe scoile (ó naíscoil-iarbhunscoil) agus é dírithe ar an nGaelscolaíocht (naíscoil-iarbhunscoil) luath-thumoideachas iomlán agus neamhspleách ó scoileanna Béarla a bheith ar fáil do chuile tuismitheoir gur mhian leo é. Ní sprioc ró-uaillmhianach í seo! Tá go leor de seo ar fáil cheana sa Bhreatain Bheag agus i dTír na mBascach.
Ní dóigh liom go bhfuil d'eagraíocht nua agus labhair mé le m'athair faoi seo ach tá gá le brúghrúpa/eagraíocht stocaireachta - tá an eagraíocht againn cheana fiú, i bhfoirm Conradh na Gaeilge.
Is ón gConradh a tháinig an eagraíocht na Naíonraí Gaelacha agus luaitear i mBunreacht go dtacaíonn siad go háitiúil le bunú scoileanna lán-Ghaeilge.
Tá gá áfach le hearcaíocht a dhéanamh go náisiúnta chun go meallfaidh breis Gaeil isteach san eagraíocht pobail seo chun feidhmiú go héifeachtach, go deonach go háitiúil.
Mo thuairim ná nach mhairfidh aon phobal Gaeilge gan an Ghaelscolaíocht agus nach bhforbróidh aon scoil lán-Ghaeilge gan (scoil)p(h)obal Gaeilge ag tacú léi. Tá siad cónasctha i mo thuairim agus is dúinn é seo a tahbhairt san áireamh agus muid ag pleanáil agus ag gníomhú.
A Mháirtín,agus a chairde eile Gael,
Is breá liom an díospóireacht fá thorthaí agus éifeacht na ngaelscoileanna maidir le dul chun cinn agus fás an phobail ghaelaigh. Is é an trua nach féidir a leitheid de chur is cúiteamh bheith níos foleithne agus le léamh ag an mhórphobal trí chéile. Sin a theastaíonn, dar liom, ach ar ndóigh is fusa sin a ra ná a bhaint amach. Scríobh mé féín píosa suntasach don Irish News ar na mallaibh maidir le téarnamh Choláiste Speirín agus ar tharla dúinn ó shin ach níor thoiligh an páipéar sin m'alt a fhoilsiú.
Aontaím le Séamas agus na scríbhneoirí eile go bhfuil an díograis ar son na cúise imithe le fada as CnaG, eagraíocht ar oibrigh Séamas agus mé féin agus go leor daoine eile go crua ar feadh blianta le cur ar bun. Leoga, ba mé fein an chéad Chathaoirleach ar an áisinteacht stáit seo agus bhí lámh nach beag agam sna chéad cheapacháin agus sna chéad phleananna gnímh a bhain léi. Is beag a shíl mé ina dhiaidh sin gurb ar chomhairle na heagraíochta seo a dhéanfadh an tAire Oideahcais reatha as Sinn Féin cinneadh gan aon tacaíocht a thabhairt dár scoilse ná do Ghaelscoil na Daróige in am an ghá. Ba é an feall é gur oibrigh siad go leanúnach in aghaidh na nGaelscoileanna tabhachtacha seo agus is ar a gcrann sin atá an fhreagracht an scolaíocht a sholáthar dúinn. Is leir dom anois gur chaill muid ár dtriall ar fad ag an leibhéal sin i mgluaiseacht na gaelscolaíochta agus faraoir nárbh fhéidir le Gaeloiliúint leanstan de bheith mar 'fhear/eagraíocht an phobail' ag coinneáil súil ghéar ar chúrsaí agus ag forbairt scoileanna nua mar a bhí muid i dtólamh roimh an bhliain 2000. Shantaigh an chomhairle nua seo an ról sin bheith acu ach ní dhearna siad ach ciseach den ghné sin is tabhachtaí i ngluaiseacht na gaelscolaíochta, murab ionann agus an eagraíocht bheag cheannródaíoch ó dheas, Gaelscoileanna, a leanann uirthi ag bunú agus ag forbairt in aineoinn gearrthaí móra siar ina buiséad.
Ní easpa smaointe atá orainn ach easpa mhisnigh agus easpa cheannaireachta mar a bhaineann sé leis na háisíneachtaí stáit agus na páirtithe polaitiúla.
Tá an fhéidearthacht i gconaí i nDoire agus i lár Uladh Coláiste lán-Ghaeilge a fhorbairt. Ach is oth liom a ra nach dtarlóidh sin faoi na 'ceannairí gaeilge' ata againn faoi láthair. Tá mé ag obair le Coláiste Oiriall anois i Muineachán agus is furasta an fhís a aithint agus an obair a mholadh. Tá se thar am ag an Chomhairle agus ag boic Shinn Fein an púicín a bhaint agus amharc ar an ghaelscolaíocht trí shúile gael seachas súile an Bhéarla agus iad ag sodar i ndiaidh córais nár chruthaigh riamh ach mionlach Gaeilgeoirí. Gan Colaistí lán-Ghaeilge bheith againn sa ghalltacht ní hann don phobal saorga teanga atáimid a chruthú agus ní mhairfidh an ghaelscolaíocht ach mar a bheadh puth aeir ann a imeoidh leis an ghaoth. Éirímís dár nglúine agus seasaimis an fod in aghaidh an mhaorlathais agus na fimíneachta rabaí seo, le cuidiú Dé agus cuidiú ár sinsear. Aiméan
a fheirstigh a chara( a Dhia na glóire nach fuath liom ainmneacha cleite) tá cuid mhór dá nabair tú ceart dar liom ach níl a fhios agam an mbeadh sé céillí an grúpa Gaelscolaíochta seo a cheangail le grúpa ar bith eile ainneoin meas aithrid a bheith agam ar obair Chonradh na Gaeilge.Is é mo tháithí féin gur fearr i gcónaí " FÓCAS" aonmhír a bheith ag grúpa díríthe ar rud éigin cinnte a bhaint amach agus tá sin deacair dar liom mar chuid den Mhaorlathas a bhaineann le gach Eagraíocht Stát mhaoiníthe.Thiocfadh é a dhéanamh faoi scáth Glór na nGael nó Pobal chomh maith atá éifeachtach ar á ndóigh féin ach tá clár oibre leathan ag na grúpaí sin mar atá ag Conradh na Gaeilge agus sílim gur fearr fanacht amach uathú ach níl ansin ach mo bharúil.Tá na fadhbanna a bhaineann le Comhairle na Gaelscolaíochta mínithe go maith ag Cathal ina phostaíl féin agus tá na fadhbanna sin ag tabhairt ar dhaoine, gur mó leo cur chun chinn na Gaelscolaíochta,smaoineamh gur cheart grúpa neamhspleach ar an Mhaorlathas agus ar an Bhunaíocht a bheith ann.Tá mo shealsa tugtha ó thaobh na rudaí seo de ach is é an rud ata mó spreagadh le labhairt mar seo go bhfuil sé scanallach go bhfuil páistí i lár Uladh agus i nDoire a dteastaíonn oideachas Gaeilge uathu ach nach dtig leo sin a fháil ainneoin na gcéadta míle punt a bheith caite ar eagraíocht a bhfuil cúram orthu déanamh cinnte de go bhfuil Oideachas ag an dara leibhéal ar fáil dóibh sin ar mian leo é. Tá a fhios agam nach bhfuil sé furast seo a chinntiú ach bhí iarracht déanta ar feadh dhá bhliain le maoíniú a fháil do Choláiste na Spéiriní agus Druideadh Meánscoil Dhoire.Tá rud éigin cearr leis an eagraíocht a ligeann do sin titim amach agus sin an fath dar liom go bhfuil brú ghrúpa de dhíth le dearcadh malartach a chuir chun tosaigh.ach ce dhéanfaidh é? sin an cheist
In áit blag Mháirtín a hijackáil ar an ábhar seo i gcónaí, nárbh fhearr do dhuine eigin blogspot a bhunú dírithe ar cheist na Gaelscolaíochta?
Is doiligh an fhírinne a fháil amach faoi scoileanna áirithe in amannaí agus creidím le cupla bhliain anuas nach bhfuil an muinín ceanna ag lucht na Gaeilge i nGaeilgeoirí eile mar a bhíodh.
Tá mise 100% ar son na díospóireachtaí seo, a fhad is atá siad i nGaeilg amháin, ach bíonn díoma orm nuair a fheicím iarrachtaí ar bun chun na Gaeil a scoilteadh ón a cheile.
Chonaiceas an focal 'fealltóir' a úsáid ó am go ham, ní bhacfainn leis.
Aontáim go láidir go bhfuil géarghá le heagraíocht stocaireachta/tacaíochta chun guth agus treoir láidir gan náire a thabhairt do dhíograiseoirí an Ghaeloideachais agus dóibh siúd ar mhaith leo Gaeloideachas dá bpáistí. An mbeadh duine ar bith le taithí ar chúrsaí toilteanach cruinniú nó blag a eagrú chun todhchaí an Ghaeloideachais a phléigh?
a Ghaeil gan Náire a chara
sílm go bhfuil na daoine atá ag postáil anseo measartha cúramach gan daoine aonaracha a ionsaí.Tá go leor postálacha anseo ach is eagraíochtaí seachas daoine a luadh agus tá sin ceart ach na cuireadh sé bac orainn polasaí agus easpa gníomhaíochta eagraíochta a phlé.Is smaoineamh maith é blag ar leith Gaelscolaíochta a bheith ann mar thús nó tá sé doiligh tabhairt ar lucht maorlathais aon rud a phlé.Is binn béal ina thost de réir cosúlachta ach tá plé le déanamh ar an abhar seo agus an plé sin a bheith déanta ar scála níos leithne ná atá i láthair na huaire.Is fearr imreas ná uaigneas sna cúrsaí seo. Seans bith go dtiocfadh leatsa do bhlag féin a athbhunú agus é dírithe ar an ghaelscolaíocht amhain? agus cad chuige nach ndéan tú féin é? a chluinim tú a rá.
A Chairde,
Tacaím arís lena bhfuil luaite ag Séamas maidir le grúpa fócasaithe ar an ghaelscolaíocht a chur chun cinn. Bheadh freasúra nach beag dá leithéid, measaim i measc stiúrthóirí agus fhoireann CnaG ach bíodh sin mar atá, níor ghá bheith ag plé lena leithéid dá mbeadh an tsainghné sin den obair is riachtanach a dhéanamh comhlíonta acu féin, sin nó ar a laghad tacaíocht agus inspioráid éifeachtach cheart tugtha acu do ghrúpaí atá sásta triail a bhaint as forbairtí agus dul sa tseans lena saol féin agus le saol a bpáistí.
Ba phointe toisithe maith blag ar leith bheith ann don díospóireacht. Bheinn féin sásta cuidiú le heagras ach ta dálaí pearsanta s'agam athraithe go mór le blianta beaga anuas agus ní hacmhainn dom bheith ag reáchtáil go Béal Feirste go minic le haghaidh cruinnithe agus rud. Is i mBéal Feirste i measc iardhaltaí Mheanscoil / Choláiste Feirste ba cheart a leithéid de ghrúpa bheith, dar liom.
Ó mo thaithí-se de, áfach ní bheidh ar ár gcumas dul amach a bhunú scoileanna nua gan airgead substainteach bheith ar fáil lena mbunú agus lena gcoinneáil ag imeacht sna blianta eatramhacha sin nuair nach mian leis an stát ná chuid áisínteachtaí tacú leo. Bhí an maoiniú sin ann roimhe agus, le cuidiú Dé, beidh sé ann arís lá breá éigin amach anseo. Ach an dearcadh ceart bheith againn, an fuinneamh ceart taobh thiar dínn agus beagán éigin infheistíochta bheith ar fáil dúinn, níorbh fhada muid ag cur rudaí mar is ceart agus borradh maith a chur faoin ghaelscolaíocht agus fán phobal Ghaeilge arís.
Is tús maith an teacht le chéile seo na n-intinní, fiú más ar an idirlíon féin é. Táimid ag cruthú spáis le haghaidh athmhúscailt agus athghabháil na gaelscolaíochta. Fágtar ainmhí mór an mhaorlathais ina shuan, i lár na cathrach, más mar sin is fearr leis. Tá obair le déanamh chun misneach agus dóchas a thabhairt do na daoine agus ní ó lucht na polaitíochta a thiocfaidh sin go brách maidir leis an Ghaeilge de.
Post a Comment