"If all economists were laid end to end, they would not reach a conclusion."
George Bernard Shaw.
Bhí mé ag meabhrú ar chomhairle an drámadóra agus muid faoi léigear ag eacnamaithe ar RTÉ atá ag sárú a chéile lena mbagairtí maidir le gearradh seirbhísí agus teannadh ár gcrios.
Ach tá níos mó ná scoil amháin eacnamaíochta ann. Cad chuige nach dtugar seans d'eacnamaithe nach n-aontaíonn le polasaithe an rialtais labhairt amach?
Tá gá ach go háirithe le scrúdú a dhéanamh ar an pholasaí maidir le tithíocht agus maidir leis na bainc. Tá praghas na dtithe in Éirinn ró-ard ach níl na praghasanna ag teacht aníos mar tá an rialtas ag cosaint lucht a dtógtha agus an dream a thug amach na hiasachtaí le go dtógfaí iad — na bainc.
Bhí ar an phobal praghas ró-ard a íoc le linn an 'boom' ach níl seans acu margadh maith a fháil anios agus meathlú geilleagrach sa mhullach orainn.
Saturday, November 07, 2009
Subscribe to:
Post Comments (Atom)











0 comments:
Post a Comment