Thursday, January 07, 2010

Ré nua

Rinne mé rud inné nach ndeárna mé ariamh aroimhe — cheannaigh mé an Daily Blueshirt, le go bhfuighfinn Foinse.

Tá an Indo sa Chultúrlann go fóill más mian le duine ar bith é a thabhairt leo ach thug mé liom Foinse. Tuilleadh fógraí de dhíth ach colúnaithe mhaithe gan amhras.

B'fhearrde bun-scríbhneoirí ná ailt aistrithe ach tiocfaidh sin de réir mar bhisíonn cúrsaí fógraíochta déarfainn.

Creidim go bhfuil tógáil ar dhíolachán an Irish Independent ó thosaigh siad a chur Foinse taobh istigh d'eagrán na Céadaoine.

Bímis buíoch ar son an bheagáin: Níl sé ar eagrán an Domhnaigh. Dia idir sinn agus go mbeadh orainn an nuachtán sin a cheannacht.

0 comments: