Mo léan, níl go leor scríofa agam fá Rith 2010 a thosaíonn i mBéal Feirste ar 9 Márta agus a théann an bealach uilig go Gaillimh.
Iarracht iontach atá ann le cás na Gaeilge a chur os ard agus é múnlaithe ar an Korrika i dTír na mBascach agus a mhacasamhail chéanna sa Bhreatain Bheag.
Ní hé amháin go mbeidh airgead á bhailiú le linn Rith 2010 ach, níos fearr arís, beidh aird á tarraingt ar an Ghaeilge.
Moltar go hard na daoine óga a ghlac cinneadh tabhairt faoin togra seo.
Anois, cá'l mó bhrógaí reatha?
Saturday, March 06, 2010
Subscribe to:
Post Comments (Atom)







0 comments:
Post a Comment