Sunday, March 07, 2010

Go n-éirí le Kila agus Kells


Tá mé i ndiaidh dhá alt iontacha a léamh ar Nuacht 24 (an leagan clóite) fá The Secret of Kells, a bhfuil fuaimrian de chuid Kila leis.

Tá an scannán ainmnithe do Ghradam Oscar san oíche amárach agus má éiríonn leis, dhéanfaidh sé maith mhór do Kila, ceann de na bannaí ceoíl is éirimiúla dá bhfuil againn, agus don scannán féin a bheadh molta dá mbéinn i mo thost.

Ach is ar dhea-iriseoireacht Nuacht 24 a ba mhaith liom bhur n-aird a dhíriú. Is é an nuachtán is fearr sa tír é.....beimid ag súil leis an chaighdeán céanna as Gaelscéal ar ndóighe nuair a nochtar é ag deireadh na míosa seo agus is mór linn i gcónaí Foinse...ach níl sárú Nuacht 24 le fáil.

Tá súil as agam taobh istigh de chúpla seachtain go mbeidh an Nuacht 24 arlíne nua, maoinithe ag an Chiste Craoltóireachta, faoi lán seoil. Ach go dtí sin is féidir eagrán digiteach de Nuacht 24 a íoslódáil anseo.

Creidim gur amuigh sa Pheiriú atá an t-eagarthóir Eoghan Ó Neill faoi láthair agus beidh briseadh beag ag an eagrán clóite an tseachtain seo ach nára fada go raibh sé arais againn.

0 comments: