Sa tír seo amháin a mbeadh rath ar scríbhneoir a bhfuil an t-ainm Titley air. (Cuidíonn sé ar ndóighe gur scríbhneoir den scoth é.)
Is fíor tráth dá raibh go raibh comhairleoir againn i mBéal Feirste a raibh Herbie Ditty air ach creidim go raibh gaolta dá chuid a d'athraigh a sloinne in áit dul tríd an tromluí a bhaineann le banaltra ag scairtí amach 'Ditty' sa seomra feithimh ag an doctúir. (Is cuimhin liom go moch ar maidin ag dul isteach chuig an Aonad Timpistí agus Éigeandála (a bhuí le Dia le focal.ie) san RVH agus fadbh agam a bhain leis an chuid íochartach den Mhuilleoireach. "Ní bheidh muid ag léamh fá seo ar an Andersonstown News," arsa na banaltraí, agus an ceart acu.)
Cibé ar bith clúdaíodh Bóthar na bhFál le bláthanna inniu le fáilte a chur roimh an Chorcaíoch Alan Titley go dtí an Chultúrlann. Bhí sé sa chathair le giota scannánaíochta a dhéanamh do dhá chlár, uair a chloig an ceann, ar stair na Gaeilge a chraolfar ar an bhliain seo chugainn ar TG4. É féin a scríobh an scriopt agus tchífear iad go mall i 2011. Mar a deir sé féin, ní dheárnadh a leithéid ariamh. Beimid ag faire amach dó mar tá sé ar dhuine de na scríobhneoirí is éirimúla dá bhfuil againn sa Ghaeilge; bhí píosa sármhaith aige fá na buamadóirí féinmharaithe ar an Irish Times ina cholún breá (oohh, Matron!). Nár trioma a pheann go cionn i bhfad — ar a laghad go gcríochnaíonn an scriopt do na cláir seo ar an Ghaeilge.
Seo an tUasal Titley (ar dheis) taobh amuigh den Chultúrlann leis an léiritheoir Diarmuid. Tá a chuid súl druidte aige mar shíl sé go raibh ar tí é a scaoileadh sa tseantráidisiún Feirsteach, go raibh slán don am.
Saturday, September 04, 2010
Subscribe to:
Post Comments (Atom)








0 comments:
Post a Comment