Tuesday, November 09, 2010
Tá mo rás rite
Ag rud is mó a thóg croí dom ná fear agus a chuid páistí ag na thaobh i mBrooklyn agus clár in airde aige leis na foclaí 'Beir Bua' agus 'Maith Sibh go Léir'.
Don chéad 20 míle de mharatón Nua Eabharc, chaith mé t-léine bhán agus le bratach na hÉireann air os cionn an mhana, 'Irish Echo'. Fuair mé go leor tacaíochta ón lucht féachána: "Come on the Irish", "Go Ireland" agus gárthaí eile molta.
Bhí sé fíochmhar fuar ar maidin agus muid ag toiseacht ach bhí an t-aifreann a chéiliúraigh an tAth Brian Jordan mar bheadh Superser faoi do sheacáid reatha ann. Dúírt sé go mbeadh an Spiorad Naofa ár gcoimhéad agus nuair a thiocfadh lagmhisneach orainn go n-iompródh sé thar an líne muid. Beidh físeán anseo ar ball ach sin an t-aifreann réamhchatha thuas.
Ag toiseacht amach, ba é an rún a bhí agam ná críochnú ag 4 uair a chloig 20 bomaite nó mar sin (10 mbomaite per uair) mar bhí gortaithe mó chrá le tamall agus níor éirigh liom ach rith fhada 18 míle a dhéanamh agus moltar duit agus tú ag ullmhú don rás 26.2 míle dhá rith 20 míle a dhéanamh. Ach nuair a chonaic mé ag sodar thart liom séadaire (pacemaker) Síneach ag díriú ar 4 uair a chloig mar am críochnaithe, dar liom go leanfainn é. Agus b'fhear cineálta, spreagúil é. Mhol sé muid nuair a chuir muid an 13 mhíle dínn, ag moladh ár luais is ar misneach. D'iompraigh sé trí bhalún ar maide ina láimh agus dar leat go raibh sé amuigh ar siúlóid Domhnaigh. Fán 20ú míle, bhí sé beagáinín dearg san aghaidh agus míle ina dhiaidh sin bhain sé de a sheacáid trom reatha ach choinnigh sé air ar fad bríste traenála.
Labhair mé leis ó am go céile, ag impí air mé a thabhairt leis thar an líne faoin 4 uair a chloig, rud nach dteárn mé ariamh (Chríochnaigh mé Baile Átha Cliath i 2005 go díreach ar 4 uair). Ba mhó m'aird airsean ná ar na milliúntaí de lucht féachána a thiontaigh amach le hócáid speisialta a dhéanamh de mharatón Nua Eabharc ach fán 23ú míle ní fhéadfainn cionneáilt leis ní b'fhaide. D'imigh mé ó luas 9:10 san uair go dtí 12 bhomaite san uair; cúlú tubáisteach. Shíl mé go gcaoinfinn nuair a chonaic mé an trí bhalún buí sin ag imeacht uaim.
Pianpháis a bhí sna mílte deireannacha ach scairt mé chugam na mairbh nuair a shíl mé cinnte go raibh mé ag dul a fháil bháis — nó, níos measa, go dtosóinn a shiúil — agus sa 100 slat deireannacha, d'éirigh liom na cosa luaidhe a thógáil agus scuaird ardaigeantach a thabhairt thar an líne deiridh.
Sin mó mharatón agat. 4 uair a chloig agus 8 mbomaite; 9 mbomaite 30 soicind san uair.
Subscribe to:
Post Comments (Atom)








0 comments:
Post a Comment